Deiseanna Fostaíochta san Aontas Eorpach

Season 1, Episode 4,   Apr 09, 2020, 02:22 PM

Labhraíonn Eimear Ní Bhroin, an tOifigeach Gnóthaí Teanga in Oifigí an Choimisiúin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath le Catríona Dowd, DCU, mar gheall ar dheiseanna fostaíochta in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tugann sí léargas ar a bhfuil ar fáil, agus tugann sí treoir le cuidiú leis an phróiseas eacaíochta.

Intreoir : 00.00 - 00.59 
  • Eimear Ní Bhroin, an tOifigeach Gnóthaí Teanga in Oifigí an Choimisiúin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath atá anseo ag caint le Catríona Dowd, DCU mar gheall ar dheiseanna fostaíochta in institiúidí an Aontais Eorpaigh

Cur síos ar phost an Oifigigh Ghnóthaí Teanga : 01.00 -  02.35
  • Cur síos ar phost an Oifigigh Gnóthaí Teanga
  • An tábhacht atá le daoine a ghríosú le teangacha a fhoghlaim agus daoine a choinneáil ar an eolas faoi phostanna san AE a bhfuil éagsúlacht teangacha de dhíth fána gcoinne
  • Na háiteacha éagsúla san AE a bhfuil na postanna ar fáil - ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain, intéirneachtaí íoctha san áireamh.

An Ghaeilge mar theanga oifigiúil san Eoraip : 02.36 - 05.50
  • Stádas na Gaeilge san AE
  • Ag déanamh réidh do 2022 agus an gá le hábhar a bheith ar fáil trí Ghaeilge, aistritheoirí a bheith ar fáil don aistriú comhuaineach, dlíodóirí le Gaeilge a bheith ar fáil don phróiseas aistriúcháin

Gach leibhéal Gaeilge : 05.51 - 09.03
  • Leibhéil líofachta éagsúla
  • Leibhéil cruinnis éagsúla
  • An tábhacht le Gaeilge a chur an an CV mar theanga/scil atá agat
  • Deiseanna don Ghaeilge lasmuigh d’Éirinn mar theanga bheo

An Bhruiséil agus an Mac/Iníon Léinn : 09.04 - 15.07

Clabhsúr : 15.08 – 18.07
  • Moltaí don scoláire ag tús a c(h)éime faoin dóigh le ‘breisluach’ a chur le hiarratas
  • An gá le snas a chur ar do theangacha ulig go léir
  • Úsáid a bhaint as na seirbhísí gairmthreora agus tú ar an ollscoil - ná fág go dtí an bhliain deireanach é.