Deiseanna Fostaíochta san Aontas Eorpach
    Season 1, Episode 4,   Apr 09, 2020, 02:22 PM
  
  
Share
Subscribe
Labhraíonn Eimear Ní Bhroin, an tOifigeach Gnóthaí Teanga in Oifigí an Choimisiúin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath le Catríona Dowd, DCU, mar gheall ar dheiseanna fostaíochta in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tugann sí léargas ar a bhfuil ar fáil, agus tugann sí treoir le cuidiú leis an phróiseas eacaíochta.
Intreoir : 00.00 - 00.59
- Eimear Ní Bhroin, an tOifigeach Gnóthaí Teanga in Oifigí an Choimisiúin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath atá anseo ag caint le Catríona Dowd, DCU mar gheall ar dheiseanna fostaíochta in institiúidí an Aontais Eorpaigh
 
Cur síos ar phost an Oifigigh Ghnóthaí Teanga : 01.00 -  02.35
- Cur síos ar phost an Oifigigh Gnóthaí Teanga
 - An tábhacht atá le daoine a ghríosú le teangacha a fhoghlaim agus daoine a choinneáil ar an eolas faoi phostanna san AE a bhfuil éagsúlacht teangacha de dhíth fána gcoinne
 - Na háiteacha éagsúla san AE a bhfuil na postanna ar fáil - ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain, intéirneachtaí íoctha san áireamh.
 
An Ghaeilge mar theanga oifigiúil san Eoraip : 02.36 - 05.50
- Stádas na Gaeilge san AE
 - Ag déanamh réidh do 2022 agus an gá le hábhar a bheith ar fáil trí Ghaeilge, aistritheoirí a bheith ar fáil don aistriú comhuaineach, dlíodóirí le Gaeilge a bheith ar fáil don phróiseas aistriúcháin
 
Gach leibhéal Gaeilge : 05.51 - 09.03
- Leibhéil líofachta éagsúla
 - Leibhéil cruinnis éagsúla
 - An tábhacht le Gaeilge a chur an an CV mar theanga/scil atá agat
 - Deiseanna don Ghaeilge lasmuigh d’Éirinn mar theanga bheo
 
An Bhruiséil agus an Mac/Iníon Léinn : 09.04 - 15.07
- An buntáiste atá leis an Ghaeilge mar T1
 - Intéirneachtaí íoctha
 - Postanna ar fail in Éirinn chomh maith leis an Bhruiséil
 - Pointí tábhachtacha sa phróiseas earcaíochta. Cruthaigh an cuntas EPSO agus cuir isteach ar gach uile rud a bhfuil suim agat ann ag an am céanna ar https://epso.europa.eu/ agus CAST e.g. https://epso.europa.eu/content/Cast-Permanent_en
 - Léigh treoracha!
 - Tacaíocht agus tuilleadh eolais ar fail ó https://ec.europa.eu/ireland/news_en agus https://ec.europa.eu/ireland/news_ga
 
Clabhsúr : 15.08 – 18.07
- Moltaí don scoláire ag tús a c(h)éime faoin dóigh le ‘breisluach’ a chur le hiarratas
 - An gá le snas a chur ar do theangacha ulig go léir
 - Úsáid a bhaint as na seirbhísí gairmthreora agus tú ar an ollscoil - ná fág go dtí an bhliain deireanach é.
 
